D’fhan Joe ar an fheirm. D’imigh sé go Birmingham, Sasana ach ní raibh sé ann ach seachtain nuair a fuair sé scéala go raibh a dheartháir ag fáil bháis agus b’éigean do Joe pilleadh na bhaile. Tháinig sé go Baile Átha Cliath agus chaith sé coicís ansin. Bhí Joe níos tugtha d’obair feirme, bhí beithígh acu agus bhíodh siad ag treabhadh.